Clare Fm - Podcasts

Ar An Lá Seo - 07-04-2025

Informações:

Synopsis

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 7ú lá de mí Aibreán, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 2000 rinne ionsaí ar Michael Smith, an tAire Cosanta, ó ardoifigeach airm de bharr na áis a bhí ann do na trúpaí. I 2017 bhí daonra sa tír seo nach mór 5 milliún arís, an chéad uair ón ghorta. I 1989 bhí ach cúpla míle idir dhá uachtarán nuair a sheas an ceannaire Sóivéid sna meáin in Éirinn sa tSionainn. I 2000 bhí Aer Rianta I dtrioblóid de bharr nach raibh cóireáil camrais don chríochfort nua ag aerfort na Sionainne a chosain 27 milliún punt. Sin Westlife le Fool Again – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 2000. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1962 bhuail Mick Jagger agus Keith Richards le Brian Jones don chéad uair I Londain. Bhí sé ag seinm giotár le banna ceoil Alexis Korner, Blues Incorporated. Agus gan mhoill tháinig siad le chéile mar The Rolling Stones. I 1985 chan Wham! I mBéising don chéad uair agus bhí sé am mór mar bhí siad an chéad bhanna cheoil ón iartharach ch