Clare Fm - Podcasts

Ar An Lá Seo - 04-04-2025

Informações:

Synopsis

Fáilte ar ais chuig eagrán nua de Ar An Lá Seo ar an 4ú lá de mí Aibreán, liomsa Lauren Ní Loingsigh. I 1970 chuaigh an ráta den táirgeadh tionsclaíoch I rith na 60dí suas chuig 500 milliúin punt agus de bharr sin bhí níos mó ná 50 míle post ann d'fhir agus mná. I 1986 bhí na múinteoirí ar buille leis an Aire Oideachas Paddy Cooney de bharr gur tháinig an nuacht amach go mbeadh daoine ón phobal chun teacht isteach agus stiúir a dhéanamh ar na scrúdaithe. I 1970 dúirt oideachasóirí agus oibrí sóisialta sa chontae go raibh ólachán faoi aois fadhb mór agus go raibh sé ag fás. I 1986 cheannaigh Dunnes Stores suíomh a raibh sé acra in Inis an áit a raibh an pictiúrlann Gaiety. Sin Simon & Garfunkle le Bridge Over Troubled Water – an t-amhrán is mó ar an lá seo I 1970. Ag lean ar aghaidh le nuacht cheoil ar an lá seo I 1987 chuaigh albam U2 The Joshua Tree chuig uimhir a 7 ar an Billboard 200. Chuaigh sé chuig uimhir a haon tar éis trí sheachtain agus fuair sé stádas diamant I Meiriceá, mar dhíol siad n